Pleanáil Cuairt
Uaireanta Oscailte
Bíonn na gairdíní ar oscailt ó cheann ceann na bliana.
Satharn – Domhnach: 10am go 4pm go dtí Dé Domhnaigh, an 13 Nollaig 2015.
Cead isteach suas go dtí 45 nóiméad sula ndúnaimid.
Láthair
Tá an teach 3.5km ó Chathair Dónall (ar an N70, ar Fháinne Chiarraí).
Taisteal
Tá páirceáil ar fáil do charranna agus do bhusanna ar an láthair.
Teach Dhoire Fhíonáin
Teach Dhoire Fhíonáin
Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.
Áiseanna
Bíonn an seomra tae ar oscailt ó dheireadh seachtaine na Cásca go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá cead madraí a thabhairt ar siúlóid anseo, ach ní mór gach madra a choinneáil ar éill sna limistéir phoiblí.
Turais
Bíonn turais treoraithe ar fáil a mhaireann thart ar 30 nóiméad. 25 duine ar a mhéad a bhíonn ar gach turas. Tá leabhrán faoin dúlra cois cladaigh ar fáil freisin.
Cuairt
Uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an gcaisleán.
Grianghrafadóireacht / Físeáin
Tá cead grianghraif a thógáil laistigh den teach (ach ní cheadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht). Déan teagmháil linn má theastaíonn uait grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.
Cead Isteach
Duine Fásta €4
Pinsinéir/Grúpa €3
Páiste/Mac Léinn €2
Teaghlach €10
Bíonn saorchead isteach ag daoine a bhfuil Cárta Oidhreachta acu. Bíonn saorchead isteach ag gach duine ar an gcéad Chéadaoin de gach mí. Bíonn saorchead isteach ag grúpaí scoile freisin.
Sa Cheantar Freisin
Sceilg Mhichíl
Fad slí: 25km go cuan Bhaile an Sceilg.
12km amach san fharraige, tá mainistir ón séú haois atá dochreidte caomhnaithe ar an gcarraig seo; is féidir dul chomh fada leis an mainistir ach 618 céim a dhreapadh.
Teach Mhucrois, na Gairdíní agus Feirm Thraidisiúnta
Fad slí: 65km.
Teach mór Victeoiriach ón naoú haois déag ina bhfuil taispeántais faoin saol a bhí ag na daoine a chónaigh ann idir uasal is íseal. Gairdíní a bhfuil clú orthu ar fud na cruinne agus ceardlanna ceardaíochta traidisiúnta ar an láthair.
Oileán an Chuilinn
Fad slí: 78km.
Oileán beag 37 acra é Oileán an Chuilinn atá i gcuan an Ghleanna Ghairbh, áit a mbíonn foscadh maith, i mBá Bheanntraí. Tá aithne ag gairneoirí agus ag daoine ar spéis leo crainn agus toir ar fud na cruinne ar an ngairdín álainn oileánda seo nach bhfuil a leithéid ar fáil áit ar bith eile. Chruthaigh Anna Bryce agus Harold Peto na gairdíní seachtó bliain ó shin.
Sráidbhaile Chathair Dónall

Tugadh Cathair Dónall ar an sráidbhaile in onóir Dhónaill Uí Chonaill. Tá sé leath bealaigh timpeall Fháinne Chiarraí agus áit iontach é mar sin chun sos a ghlacadh ar do thuras. Tá tránna maorga thart timpeall air; tá Cathair Dónall míle amháin ó Thrá Dhoire Fhíonáin.
Bíonn an-tóir ar spóirt uisce ar nós clársheoltóireachta agus seoltóireachta. Tá go leor cosáin siúlóirí ann freisin. Is álainn iad na radhairc agus tú ag tiomáint go dtí Cathair Dónall agus tríd, ag breathnú amach ar na hoileáin agus ar na cuanta máguaird. Tá lóistín sa sráidbhaile chomh maith le rogha mhaith caiféanna agus bialann.
Is féidir leat léamh faoi stair an tsuímh sula dtugann tú cuairt air.
Foghlaim faoi Mhuiris ‘a’ Chaipín’ Ó Conaill a fuair an teach le huacht i 1770 agus a thug mac a dheartháir, Dónall, chun cónaí ann níos deireanaí.