Oifig na nOibreacha Poiblí

Teach Dhoire Fhíonáin

Tá Doire Fhíonáin, coill bheag darach Naomh Fionán, ag bun Leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí. Is istigh i lár na coille atá Teach Dhoire Fhíonáin, teach muintire Dhónaill Uí Chonaill, dlíodóir, polaiteoir agus státaire atá ar cheann de na daoine is tábhachtaí i stair nua-aimseartha na hÉireann.

Tá go leor iarsmaí de shaol agus de ghairm an Chonallaigh i dTeach Dhoire Fhíonáin, ach tá níos mó i gceist leis an teach ná ionad iarsmalainne. Bhí Doire Fhíonáin ar cheann de na tionchair ba mhó ar shaol Dhónaill Uí Chonaill, mar a d’admhaíodh sé féin go minic. Ba é teach muintire na gConallach é ar feadh cúpla glúin. B’ann a chónaigh sé agus é ina pháiste agus, ar feadh a ghairme ar fad, ba é a theach tuaithe é. Chaitheadh sé féin agus a chlann beagnach gach samhradh i nDoire Fhíonáin. B’ann a d’óstáladh sé go leor cuairteoirí sa chomharsanacht ab ansa leis agus b’ann freisin a bhaineadh sé an-sásamh as seilg le pocadáin bheaga. Scríobhadh go leor leabhar faoin gConallach ach seans gur mó an léargas a gheofá ar a nádúr mar fhear as cuairt a thabhairt ar a theach i nDoire Fhíonáin agus aithne a chur ar an gcomharsanacht a raibh aithne aige féin uirthi le linn a shaoil.

Sa lá atá inniu ann tá 120 heicteár (300 acra) de na tailte i nDoire Fhíonáin, i dteannta Theach Dhoire Fhíonáin, i bPáirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, atá á bainistiú ag na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. D’oscail an tUachtarán Éamon De Valera an Teach go hoifigiúil don phobal i mí Lúnasa 1967 mar iarsmalann a dhéanann comóradh ar Dhónall Ó Conaill, agus d’fhógair an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh an Pháirc mórthimpeall ar an teach a bheith oscailte go hoifigiúil i mí Lúnasa 1975 mar cheiliúradh ar 200 bliain ó bhreith an Chonallaigh.

Discover Derrynane Weekend

Dé hAoine 7ú, Dé Sathairn 8ú agus Dé Domhnaigh 9ú Meitheamh 2019

 

 

 

 

Léas ar an Gclár

Tar Go Doire Fhíonáin don deireadh Seachtaine 2019

 

Pleanáil Cuairt

Eolas faoin láthair agus faoi na háiseanna.

Foghlaim Tuilleadh

Léigh níos mó faoi shaol Dhónaill Uí Chonaill.

Turas ar Líne

Téigh ar thuras ó do sheomra suí féin!

Bailiúchán

Buaicphointí an bhailiúcháin bhuain.

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.