Naisc Oidhreachta OOP
Is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a thugann aire do shuíomhanna íocónacha de chuid na hÉireann ó Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath go Dolmain Pholl na Brón i mBoirinn, Co. an Chláir. Táimid freagrach as aire a thabhairt do na suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí sa tír, iad a chothabháil agus iad a oibriú.
Tá dhá shainaonad freagrach as Seirbhís Oidhreachta OOP:
An tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí
An tSeirbhís Náisiúnta Ionad Réadmhaoine Stairiúla
Tugann aonad na Seirbhísí do Chuairteoirí tacaíocht do na haonaid sin agus riarann siad Seirbhís na dTreoraithe agus margaíocht na suíomhanna.
Oibríonn Seirbhísí Oidhreachta OOP i gcomhar le gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe oifigiúla eile a bhfuil príomhról acu ó thaobh oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn. Áirítear orthu sin:
- An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
- An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
- An Chomhairle Oidhreachta
- Fáilte Ireland
- Údaráis áitiúla
- Oifigigh oidhreachta
Ina theannta sin, comhoibrímid le roinnt comhpháirtithe a bhfuil suim acu i gcúrsaí oidhreachta, mar shampla:
- Grúpaí agus cumainn staire áitiúla
- Grúpaí seandálaíochta
- Forais acadúla agus chultúrtha
Na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla
Tá na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla freagrach as 30 ionaid réadmhaoine agus Páirceanna stairiúla, Gairdíní agus tírdhreacha deartha tábhachtacha an Stáit a mhaoirsiú, a chothabháil, a bhainistiú agus a chur i láthair.
Na Séadchomharthaí Náisiúnta
Tá an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí freagrach as a bheith i mbun na Séadchomharthaí Náisiúnta uile atá faoi chúram an Stáit (i.e. faoi úinéireacht agus caomhnóireacht an Stáit) go laethúil.
Bailiúchán Ealaíne Stáit
Tá an OPW freagrach as Bailiúchán Ealaíon an Stáit a bhainistiú ina bhfuil c.16,000 saothar i gceist.
Oidhreacht Éireann
Tugann an láithreán eolas duit faoi suíomhanna tarraingthe agus ilghnéitheach oidreacht na hÉireann.