Oideachas

Cuirimid turais threoraithe ar fáil a gcuirtear in oiriúint do riachtanais agus do spéiseanna éagsúla gach grúpa.
Tá na turais bhunscoile agus dara leibhéal bunaithe ar an gcuraclam.

Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena náirítear:
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnóireachta a fhorbairt)

  • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)

  • OSSP (léirthuiscint dár n-imshaol)

Cuirimid bileoga oibre ar fáil do dhaltaí bunscoile agus is féidir iad a chur ar fáil sula dtagann sibh anseo.

Is féidir cuairt ar Theach Dhoire Fhíonáin a úsáid freisin chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta. Tá stair shóisialta agus chultúrtha an-ábhartha.

Tugtar cuireadh do dhaoine ó gach leibhéal oideachais cuairt a thabhairt ar Theach Dhoire Fhíonáin agus dul ag spaisteoireacht tríd an limistéar oidhreachta náisiúnta faoi chosaint thart air.

Tabhair faoi deara go gcaithfear turais do ghrúpaí a chur in áirithe roimh ré. Má tá tuilleadh eolais uait, nó má theastaíonn uait turas a chur in áirithe, téigh i dteagmháil linn.

Íoslódáil

Paca Cáipéisí Stairiúla a chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i dtoll a chéile. Má theastaíonn PDF ar thaifeach níos airde, téigh i dteagmháil linn.

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Thurasanna Oideachais in Aisce do Scoileanna.

The Daniel O'Connell Summer School

Bíonn Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill ar siúl gach bliain i dTeach Dhoire Fhíonáin.

Faigh amach faoi uaireanta oscailte, áiseanna agus eolas úsáideach eile.